Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Ag obair linne

Má oibríonn tú leis an GBRÁ beidh an deis agat taithí leathan a ghnóthú chun fíordhifríocht a dhéanamh do na húdaráis áitiúla in Éirinn.


Ní chaithfidh gairmeacha bheith aon-toiseach, agus cuideoimid leat teacht ar do chonair féin.

Beag beann ar do ról leis an nGníomhaireacht, féadfaidh tú bheith cinnte go mbeidh tionchar ag do chuid oibre agus go ndéanfaidh sé difríocht ar bhonn náisiúnta, do dhaoine aonair, do ghnólachtaí, agus don phobal i gcoitinne.

Bainisteoir Tionscadail TFC Tithíochta

Grád 8

Deis Shealadach 12 Mhí

Comórtas Oscailte

 

Maidir leis an ról 

Tá GBRÁ ag lorg Bainisteoir Tionscadail chun bainistiú a dhéanamh ar sholáthar éifeachtach na tairsí tithíochta do chustaiméirí agus na foirme iarratais ar líne lena chinntiú go dtagann sí le Straitéis Dhigiteach agus TFC an Rialtais Áitiúil 2030 agus le Straitéis Dhigiteach Náisiúnta. Bainisteoidh an t-iarrthóir rathúil an fhoireann tionscadail agus obair tionscadail lena baineann. Áirítear leis an ról seo na freagrachtaí seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

 

  • Cabhrú leis an bPríomhfheidhmeannach Cúnta maidir le ról reachtúil na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil a chomhlíonadh agus cur le forbairt agus seachadadh fhís agus bhainistíocht fhadtéarmach na Gníomhaireachta.
  • Tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn Bhord an Chláir Réiteach TFC Tithíochta Náisiúnta ar bhonn ráithiúil.
  • Bord an Tionscadail TFC Tithíochta Náisiúnta a chomhordú.
  • Freastal ar chruinnithe an Choiste agus ionadaíocht a dhéanamh don GBRÁ agus don earnáil rialtais áitiúil ag na cruinnithe seo.
  • Tuarascálacha seachtainiúla a chur chuig an bPríomhfheidhmeannach Cúnta.
  • Tionscadail airgeadais a bhainistiú, lena n-áirítear bainistiú a dhéanamh ar Bhuiséid.
  • Orduithe ceannaigh agus gníomhaíocht sonraisc ar thionscadail a bhainistiú.
  • Teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara ábhartha.
  • Tabhairt faoi aon dualgais eile den chineál céanna chomh maith le freagrachtaí de réir mar is gá ó am go chéile.

 Tá an méid thuas beartaithe mar threoir don réimse ginearálta dualgas agus ní sé beartaithe go mbeidh sé cinntitheach ná sriantach. Beidh sé faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil leis an sealbhóir poist.

 Tá an méid thuas beartaithe mar threoir don réimse ginearálta dualgas agus ní sé beartaithe go mbeidh sé cinntitheach ná sriantach.  Beidh sé faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil leis an sealbhóir poist.

Role Specification

Application Form

Privacy Statement

Candidate Information Booklet

Anailísí Gnó

Oifigeach Riaracháin Grád 7

TFC Tithíochta

 

Deis Shealadach 12 Mhí

Comórtas Oscailte

Maidir leis an Ról

Tá GBRÁ ag lorg Anailísí Gnó ag Grád 7 (sealadach) chun obair ar sholáthar éifeachtach na tairsí tithíochta do chustaiméirí agus na foirme iarratais ar líne, lena chinntiú go dtagann sí le Straitéis Dhigiteach agus TFC an Rialtais Áitiúil 2030 agus le Straitéis Dhigiteach Náisiúnta. Beidh ról gníomhach ag an iarrthóir rathúil maidir le riachtanais a bhailiú agus obair réamhthairisceana a dhéanamh ó chéim tosaigh an tionscadail.

Beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach as na riachtanais a bhailiú agus a chomhordú, oibríochtaí laethúla an tionscadail agus déanfaidh sé/sí ionadaíocht don GBRÁ ar fhochoistí páirtithe leasmhara agus/nó ar ghrúpaí oibre. Beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach go díreach don Bhainisteoir Tionscadail.  Oibreoidh sé/sí go dlúth leis an mbainistíocht shinsearach, gníomhaireachtaí seachtracha, údaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha chun an clár oibre a sholáthar.

Sa ról seo, beidh air/uirthi riachtanais a bhailiú, anailís margaidh a dhéanamh agus comhoibriú le páirtithe leasmhara trí cheardlanna, trí ghrúpaí oibre agus tríd an mbord tionscadail.  Laistigh den sainchúram foriomlán sin, áireofar na nithe a leanas i ndualgais shainiúla an róil:

  • Ionchur a sholáthar maidir le tionscadail, seirbhísí, taighde agus gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhm Tithíochta na n-údarás áitiúil.
  • Tacaíocht a thabhairt don Choiste um Thithíocht, Foirgníocht agus Úsáid Talún de chuid CBCC agus a ghrúpaí éagsúla maidir le bainistíocht, comhordú, soláthar agus ionadaíocht earnála ar ghníomhaíochtaí a thagann chun cinn ón gcoiste agus ó ghrúpaí oibre an choiste.
  • Teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara ar fad i.e. údaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara eile san earnáil phoiblí.
  • Tabhairt faoi dhualgais eile ar bith den chineál céanna chomh maith le freagrachtaí de réir mar is gá ó am go chéile.

Tá an méid thuas beartaithe mar threoir don réimse ginearálta dualgas agus ní sé beartaithe go mbeidh sé cinntitheach ná sriantach. Beidh sé faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil leis an sealbhóir poist.

 Príomhfhreagrachtaí

  • Maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí laethúla a réimse oibre.
  • Grúpaí oibre a chur le chéile agus teagmháil a dhéanamh leo mar ionadaithe ón earnáil chun ionchur a sholáthar agus tacú leis an obair.
  •  Comhoibriú leis an Údarás Áitiúil píolótach lena chinntiú go dtagann an córas (na córais) atá beartaithe le riachtanais na n-údarás áitiúil.
  • Comhoibriú le foirne an Údaráis Áitiúil chun ullmhú don chóras nua agus tacú le céim an fheidhmithe chéimnigh lena chinntiú go gcuirtear an córas i bhfeidhm go héifeachtach.
  • Cosán ascnaimh sonraí reatha a mheas agus a mholadh.
  • Comhoibriú leis na páirtithe leasmhara ar fad.
  • Caidreamh a fhorbairt agus a choinneáil le gníomhaireachtaí seachtracha i gcomhréir leis an bpolasaí agus a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm na comhaontuithe chun cláir oibre a chomhordú.

Role Specification

Application Form

Privacy Statement

Candidate Information Booklet